


Fúinn
Bunaíodh Scoil Náisiúnta Inis Chléire i 1897. Is Gaelscoil í agus is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus theagaisc na scoile. Is í aidhm na scoile ná go n-úsáidfí an Ghaeilge mar theanga bheo sa scoil. Is scoil lán-Ghaeilge, Chaitliceach, chomhoideachasúil í an scoil atá suite i gCléire, oileán Gaeltachta i ndeisceart na hÉireann, 3 mhíle ar fhad agus míle ar leithead, 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá dhá sheomra ranga sa scoil, agus seomra SET amháin. Tá réimse leathan acmhainní teagaisc agus foghlama nua-aimseartha ar fáil sna seomraí ranga chun cabhrú le teagasc agus foghlaim, lena n-áirítear clár bán idirghníomhach I ngach seomra ranga.
‘Sé príomhaidhm na scoile seo ná oideachas bunscoile ardchaighdeáin a chur ar fail trí mheán na Gaeilge do pháistí an Oileáin. Cruthaítear suíomh Gaelach, suaimhneach, sona sa scoil do na páistí toisc go gcreidtear go dtreisítear cumas foghlama na bpáistí má tá siad sona sásta. Déantar forbairt iomlán ar ilthréithe an ghasúir, ag cur san áireamh go bhfuil cumas agus riachtanais éagsúla ag chuile ghasúir. Is é an fhís atá againn maidir le páistí na scoile ná go mothóidís sásta, sábháilte agus go nglacfaí leo sa scoil, go mothóidís go dtuigtear iad agus go n-aithnítear iad mar dhaoine aonair iontacha beag beann ar a gcumas, go mbeidís uaillmhianach ina leith féin agus i leith a gcomhscoláirí, go mbeadh tuiscint acu orthu féin agus ar a bhféiniúlacht chultúrtha, agus go mbeadh meas acu orthu féin agus ar dhaoine eile. Tabharfar gach deis do chuile pháiste barr a gcumais a bhaint amach agus iad á spreagadh againn an t-am ar fad.
Spreagtar na páistí a bheith bródúil as a gcultúr agus a n-oidhreacht Ghaelach agus cuirtear an-bhéim ar ghnéithe éagsúla den chultúr amhail an teanga, ceol, damhsa, drámaíocht, spórt, stair agus litríocht. Mar chuid den snáithe Oiliúint Uisce sa chorpoideachas, faigheann na páistí ó rang a haon go rang a sé ceachtanna snámha in Ionad Fóillíochta Pobail Dhún na Séad. Baineann na páistí taitneamh freisin as ceachtanna curachóireachta sa chuan áitiúil. Múineann ceoltóirí áitiúla cumasacha ceachtanna ceoil chomh maith, agus foghlaimíonn páistí conas uirlisí éagsúla a seinm, m.sh. an fheadóg stáin, an fhliúit Shasanach, an melodica agus an úcailéile.
Mar gheall ar shuíomh iargúlta Oileán Chléire, chomh maith lena chóngaracht don scairbh ilchríochach, an t-ionad is fearr le breathnú ar éin in Éirinn. Feictear míolta móra, turtair dhroimleathair, éisc ghréine, deilfeanna agus siorcanna go rialta gach bliain. Faigheann na páistí taithí phearsanta ar na himeachtaí seo go léir.
About
Cape Clear National School was founded in 1897. It is an all Irish, Catholic, co-educational primary school situated on Cape Clear, Ireland’s southernmost inhabited Gaeltacht island. It is 3 miles long by 1 mile wide and lies 8 miles off the coast of West Cork. The school comprises of two classrooms, and one SET room. All our classrooms are equipped with a wide variety of modern teaching and learning resources to assist teaching and learning, including an interactive whiteboard in each classroom.
It is our aim to provide the best standard of education through the medium of Irish for the children of Cape Clear. We create a happy, peaceful, cultural environment for children because we believe that when children feel happy and secure it strengthens their ability to learn. We aim to ensure that each child will achieve his/her full potential in our school’s pleasant and stimulating learning environment taking into consideration that each child is unique in ability and need. Our vision for the children of the school is that they would feel safe, accepted and happy in their school environment, that they would feel understood and secure in the knowledge that they are recognised as wonderful individuals regardless of ability, that they would be ambitious for themselves and their peers, that they would have a sense of self and cultural identity and that they would be developing respect for themselves and others. Children are encouraged to be proud of their Irish culture and heritage and a huge emphasis is placed on all aspects of our culture such as the Irish language, music, dancing, drama, sport, history and literacy. As part of the Aquatics strand in PE, children from first class through to sixth class each receive swimming lessons at Baltimore Community Leisure Centre. Children also enjoy kayaking lessons, in the local harbour. Music lessons are taught by accomplished local musicians and children learn how to play various instruments e.g. the tin whistle, recorder, melodica and Ukulele.
Cape Clear’s remote island location, coupled with its proximity to the continental shelf, makes it the foremost centre for bird watching in Ireland. Whales, leatherback turtles, sun fish, dolphins and sharks are spotted regularly every year. The children get first-hand experience of all these events.
